Féiríní na Nollag

Agus an Nollaig ag teannadh linn, shocraigh Tuarascáil liosta gnólachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge agus liosta earraí a chur i dtoll a chéile

Foclóir: ag teannadh linn - close at hand; bréagáin - toys; earraí - goods, míreanna mearaí - jigsaws; dlúthcheirníní - CDs; builín - loaf; seatnaí - chutney; lonnaithe - located; bláthach- buttermilk, bonn óir - gold medal; dearthóir - designer; soighe - soya; glóthaigh - gels.

Bréagáin

Cluiche.ie: Cluichí boird & Míreanna Mearaí – ina measc tá Crannóg, Nasc, Biongó Bóthair agus Líon an Bhearna cluiche.ie

Siopa.ie: Suíomh lán le hearraí Gaelacha – i measc na leabhar agus na ndlúthcheirníní tá bréagáin le fáil freisin. siopa.ie

Bia & Deoch

Comhlacht Ghleann an Chorrmhín: Gnó Gaeltachta lonnaithe i nGaoth Dobhair ina ndíoltar feoil fud fad chontae Dhún na nGall. Tá Gaeilge ag achan dhuine sa ghnó. Bhuaigh an comhlacht bonn óir anuraidh don tseirbhís i nGaeilge agus i mbliana don mhargaíocht fosta. corveenglen@yahoo.comfacebook.com

READ MORE

Four Provinces: Pádraic Ó Griallais as Indreabhán agus Feargal Chambers as Baile Átha Cliath a bhunaigh an Grúdlann seo. fourprovinces.ie

Kombucha na Dálaigh: Marianne Ní Dhomhnaill a bhunaigh an comhlacht seo. Tá cineálacha éagsúla Kombucha ar díol - ina measc tá ‘Grá’; ‘Sláinte’ agus ‘Mara’. nadalaigh.ie

Builín Blasta: Caifé Gaeilge é an Builín Blasta atá suite i gceartlár Ghaeltacht na Gaillimhe ina gcuirtear scoth an bhia úir ar fáil chuile lá. builinblasta.com

Cáis: Ceannaigh bosca álainn cáise don Nollag. Lán go béal le cáis, feoil, seatnaí, cístí seacláide, cnóanna agus torthaí. Tá Gaeilge líofa ag an fhoireann agus is féidir do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Beidh an trucáil “Cáis” ar oscailt sa Daingean i rith na Nollag chomh maith. Boscaí cáise ar fáil anois. Seol téacs chuig Ann 0860625508 nó caisindingle@gmail.com

Dingle Farm: Mai agus Tomás Ó Bruic atá i bhfeighil Dingle Farm, feirm bheag atá lonnaithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Tá bainne, bláthach, cáis bhog, iógart agus cáis chrua á tháirgeadh acu le bainne óna mba féin. Tá Ciseán na Nollag ar fáil le ceannach freisin. Teagmháil: info@dinglefarm.ie nó 0834216603

Cístí Chorca Dhuibhne: Is báicéir féinmhúinte í Joan Ní Ghearailt agus tá 20 bliain caite aici ag bácáil agus ag maisiú cistí. Déanann sí scónaí, toirtíní úill, cácaí ceiliúrtha agus cácaí bainise. Táthar uilig le fáil sa siopa. 7 Lána An Úlloird, Daingean Uí Chúis. V92V624 cisticorcadhuibhne@gmail.com

Potacafe: Tá rogha mór earraí Éireannacha agus ciseáin ar díol ag Potacafe ar féidir a ordú ar líne. B’fhéidir go mbeadh spéis faoi leith sa ‘Chiseán Gaeltachta’ atá lán le táirgí Gaeltachta. potacafe.com/siopa

Grá Chocolates: Seacláidí ó lámh an cheardaí. Tit i ngrá le seacláid arís agus bain triail as na blasanna dochreidte atá i mbosca seacláidí Grá Chocolates. grachocolates.com/abhaile

Murphy’s Ice Cream: Cé nach maith leo uachtar reoite? Buail isteach ag an siopa (27, Sráid Cill Mhantáin, BÁC) agus úsáid do chuid Gaeilge. murphysicecream.ie

Ceol

Cuimhní Rúnda le Nodlaig Ní Bhrollaigh: Cnuasach ceoil úr cumtha ag an amhránaí agus cláirseoir ó Chontae Dhoire. Tá an ceol spreagtha ag áiteacha aoibhne thart ar iarthuaisceart na hÉireann. Bhí ‘Cuimhní Rúnda’ mar albam na seachtaine ar ‘Marty ar Maidin’, RTÉ Lyric fm ar na mallaibh. Téigh ar aistear aislingeach an Nollaig seo! nodlaig.com

Gael Linn: Tá sé mar phríomhaidhm ag Gael Linn an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur cinn ar fud na tíre mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta. Tá leabhair, dlúth dhioscaí, áiseanna teagaisc agus a thuileadh ar fáil anseo. siopa.gael-linn.ie

Cártaí Nollag

Foireann Fia: Tá Foireann Fia lonnaithe i gConamara. Tá bearta 4 chárta Nollag ar díol chomh maith le agus stáiseanóireacht agus cártaí pearsanaithe. Is féidir teachtaireacht a sheoladh chuig foireannfia@gmail.com nó teacht ar an siopa ag: etsy.com/shop/fiabeag

Clodafoto: Is dearthóir agus ealaíontóir í Clodagh Nic Fhionnlaoich agus tá ‘téip washi’, priontaí agus greamáin ar díol aici ag etsy.com/shop/clodafoto

Connect The Dots Design: Tá Úna-Méabh O’Hanlon díreach théis 3 bhonn óir a bhuachan ag Gradaim Ghnó na hÉireann, an leibhéal is airde sna rannóga seo a leanas - margaíocht & brandáil, comharthaíocht agus seirbhís i nGaeilge. Tá réimse leathan táirgí Gaeilge ar díol. connectthedotsdesign.com/en-ie

Mara Duit: Bhunaigh Póilín Nic Géidigh as Gort a’ Choirce i nGaeltacht Dhún na nGall, an comhlacht seo a thairgíonn cártaí, priontaí, féiríní agus seirbhísí deartha trí Ghaeilge. Tá páipéar Nollag le beannachtaí as Gaeilge, agus féilire ealaíne 2024 ar fáil freisin. maraduit.com

Mireog: Táirgí éagsúla sna teangacha Ceilteacha ga.mireog.ie

An Siopa Gaeilge – Gleann Cholm Cille: Tá féiríní Nollag duitse agus don teaghlach uilig ag An Siopa Gaeilge, Oideas Gael, Gleann Cholm Cille: rogha leathan leabhar do dhaoine fásta agus do pháistí; cártaí Nollag Gaeilge; póstaeirí; féilirí; Dialann 2024; cluichí. siopagaeilge.ie

Éadach

An Spailpín Fánach: Gnó lán-Ghaelach í seo atá ag soláthar earraí Gaelacha le breis agus 40 bliain. Tá t-léinte, geansaithe, seacéid. hataí agus t-léinte do chách ar díol chomh maith le féiríní agus clúdaithe éadainn. spailpin.com/ga

Criostal na Rinne: Ceardlann chriostail í Criostal na Rinne sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge. Tá an déantús gearrtha de láimh. criostal.com

While Rose Creations: Lonnaithe sa bhFód Dubh i gcroílár Ghaeltacht na hEachléime i Maigh Eo. Déanann Siobhán Leigh éadaí leanaí de láimh agus táirgíonn sí t-léinte, geansaithe agus cochaill le frásaí Gaeilge orthu. whiterosecreations.com

Ealaín

Aoife Dowd: Is ealaíontóir tírdhreacha as Carna í Aoife Dowd agus bíonn sí ag obair le péint ola den chuid is mó. Déanann sí coimisiúin freisin. aoifedowdartist.com

De Róiste designs: Is as Gaeltacht Bhaile Mhuirne do Ger de Róiste atá ina chónaí anois ar an bhFál Carrach i dTír Chonaill. Is ceoltóir, ealaíontóir agus grianghrafadóir é Ger agus baineann sé úsáid as cuid dá shaothar chun lampaí beaga agus móra a dhéanamh. deroistedesigns.square.site

Leabhair

An Ceathrú Póilí: Suite i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste, siopa leabhar neamhspleách atá ann. Is mol litríochta é an siopa seo le rogha leathan leabhar, cártaí agus ceol ar fáil. anceathrupoili.com/ga

An Siopa Leabhar: Más Fáinne na Gaeilge nó leabhair, greamáin nó féiríní eile atá uait, b’fhiú cuairt a thabhairt ar shiopa Chonradh na Gaeilge. Tá an siopa lonnaithe ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath ach is féidir leabhair agus go leor eile a fháil uathu sa phost freisin. siopaleabhar.com/ga

Cló Iar-Chonnacht: Foilsitheoirí leabhar atá lonnaithe sa Spidéal. Tá rogha mór ar fáil d’aon duine a bheadh ag iarraidh leabhar Gaeilge a cheannach d’aoisghrúpa ar bith mar bhronntanas Nollag. cic.ie

Éabhlóid: Tá an foilsitheoir seo lonnaithe sa Ghaeltacht freisin. Tá leabhair acu do dhaoine óga agus do dhaoine fásta. Postas saor in aisce ar fud na hÉireann ar orduithe os cionn €20. eabhloid.com

Futa Fata: Ó leabhair go dlúthdhioscaí agus ó áiseanna scoile go pictiúirleabhair, tá réimse mór leathan ar fáil ar shuíomh Futa Fata ag futafata.ie

Maistir Leon ag Taisteal: Eithne Nic Dhonnchadha a scríobh an leabhar seo. Tá beirt phríomhcharactar sa leabhar, Máistir Leon agus Róisín, agus casann siad le carachtair éagsúla ón stair agus litríocht, ina measc tá Fionn Mac Cumhaill, Naomh Pádraig, Naomh Bríd, Ériú agus Oilibhéar Cromaill. Beidh an leabhar ar fáil i siopa Charlie Byrne’s i nGaillimh agus go leor de na síopaí áitiúla i gConamara ar chostas €15. Breis eolais: aesopteo@gmail.com

Leabhar Breac: Comhlacht beag foilsitheoireachta suite i gClochar an Locha i nGaeltacht Chonamara é Leabhar Breac. Tá raon leathan leabhar ar fáil - ina measc tá ficsean, úrscéal graifice, neamh-fhicsean, leabhair do dhéagóirí, filíocht agus drámaíocht. leabharbreac.com

Ranganna Gaeilge

Oideas Gael - Gleann Cholm Cille: Ag ceiliúradh 40 bliain ar an fhód in 2024. Cúrsaí teanga agus cultúir do dhaoine fásta i nGaeltacht Thír Chonaill, ón tosaitheoir go dtí an cainteoir líofa. Is féidir cúrsaí ó chlár 2024 a chur in áirithe anois nó dearbhán a cheannach mar bhronntanas Nollag. oideasgael.ie

Gaeilge le Jane: Tógadh Jane i nGaeltacht Mhúscraí. Chaith sí dhá bhliain ag múineadh i ngaelscoileanna agus bliain ag múineadh na Gaeilge agus na hamhránaíochta in Ollscoil Montana ar scoláireacht Fulbright. Bhain sí máistreacht amach sa Nua-Ghaeilge i UCC anuraidh. Tá dearbháin Nollag ar díol ag Jane. gaeilgelejane.com

Ranganna.com: Ranganna Gaeilge do dhaoine fásta. gaelchultur.com

Spóirt & Caitheamh Aimsire

Seosamh Breathnach: Déantóir camán é Seosamh Breathnach. Tá ceardlann aige ar láthair chlub Na Fianna ar Bhóthar Mobhí i nGlasnaíon. facebook.com/hurleyfixer

Potaireacht

Sinéad Lough: Tá siopa ag Sinéad ar an mBuailtín (Baile an Fheirtéaraigh) i gCorca Dhuibhne. I measc go leor eile, déanann sí éin bheaga le goib agus eireabaill órga orthu a d’fheilfeadh mar mhaisiúcháin don chrann Nollag. sineadloughceramics.ie

Siopa an Carn: Bhunaigh Cumann Forbartha Charn Tóchair Siopa An Carn in 2007 le saothar ceardaithe agus ealaíontóirí as fud fad na hÉireann a chur chun cinn. siopaancarn.com/ga

Earraí & Ócáidí

Sliabh Candles: Coinnle atá déanta as céir shoighe nádúrtha, agus lámhdhoirte i mbaisceanna beaga i nGaeltacht Chonamara. Tá nath cainte nó seanfhocal deartha ar chuile choinneal. sliabhcandles.etsy.com

Wildlands: Is ionad eachtraíochta é Wildlands, atá suite ar fiche acra, i Maigh Cuilinn, i gCo. na Gaillimhe. Tá réimse leathan imeachtaí ar fáil lena n-áirítear, Zip Line, Balla Dreapadóireachta, agus Seomraí Dúshláin Cheilteacha. Tá foireann dhátheangach ar fáil, chun na himeachtaí a reáchtáil trí Ghaeilge. wildlands.ie, info@wildlands.ie nó 091 868900

Ballyvourney Nursery & Garden Centre: Tá an t-ionad gairdín agus plandlann seo suite sa Ghaeltacht i mBaile Bhúirne agus is cainteoir líofa é an t-úinéir Máirtín Ó Mathúna. Tá comhairle, cabhair agus moltaí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Fón: (026) 45355

Féiríní Lámhdhéanta Dhún na nGall: Lonnaithe i nGaoth Dobhair tá buamaí folcadáin, salann folctha, stíméirí cithfholctha agus leátáin céarach soighe á ndíol. shopinireland.ie/sellers/donegal-handmade-treats

Anam Botanicals: Díolann Anam Botanicals táirgí lámhdhéanta. instagram.com/anam_botanicals/

Nuasan: Tá an comhlacht seo tar éis an táirge ‘Unwind and Calm’ a chruthú do dhaoine atá an ghnóthach nó faoi bhrú agus strus. Tá réimse leathan lóiseanna agus glóthaigh ar díol acu freisin. nuasan.com

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.